Téipscript don Teastas Sóisearach

 

                     

                         Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal

 

Triail Chluastuisceana

Tá trí chuid sa triail seo: Cuid A, Cuid B agus Cuid C.

 

                           Cuid A

 

Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid A.

                       An Chéad Chainteoir

Cén chaoi a bhfuil sibh? Deasún Mac Einrí is ainm dom. Is as Leitir Móir, Co. na Gaillimhe mé. Táim cúig bliana déag d'aois. Táim ag freastal ar Choláiste Muire. Is aoibhinn liom an scoil sin. Tá sé suite ar bhruach na farraige. Is iad na hábhair is fearr liom ná Gaeilge agus Stair. Is fuath liom Mata agus Fraincis. Imrím peil Ghaelach agus sacar. Tá suim mhór agam i gcúrsaí feirmeoireachta. Ba bhreá liom post a fháil mar thréidlia nuair a fhágfaidh me an scoil.

                         An Dara Cainteoir

Caidé mar atá sibh? Neasa Nic an Bhaird is ainm dom. Tá cónaí orm sna Gleanntaí i dTír Chonaill. Iascaire é m’athair agus tá trálaeir mór aige. ‘Faoileán na Mara’ an t-ainm atá air. Oibríonn sé ó dhubh go dubh i rith an tsamhraidh. Tá beirt dheartháir – Conall agus Cathal – agam agus deirfiúr amháin – Róise. Ní thaitneann an scoil liom. Is maith liom Gaeilge agus Béarla, ach is fuath liom gach ábhar eile. Ta suim mhór agam sa spórt agus imrím haca, leadóg agus cispheil. Beidh mé ag dul go Nua Eabhrac an samhradh seo chugainn ar mo laethanta saoire. Tá post ag Conall thall ansin.

                                        Cuid B

 

Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid B.

                                        Fógra

 

Beidh léiriú drámata de Íosagán, gearrscéal de chuid an Phiarsaigh, ar siúl in Amharclann Siamsa Tíre i dTrá Lí ón seachtú go dtí an naoú lá d’Aibreán. Cosnaíonn na ticéid don léiriú €10. Is féidir iad a chuir in áirithe trí ríomhphost a sheoladh chuig: This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó glao ar: 066-7123055. Is féidir iad a cheannach ag an amharclann chomh maith . Bunaíodh Siamsa Tíre sa bhliain 1974 agus tá sé ag freastal ar an bpobal ó shin i leith.

                                       Píosa Nuachta

Tá foireann scannánaíochta de dheichniúr ón Iodáil ar Inis Mór, Árainn, le seachtain anuas. Tá siad ag déanamh clár faisnéise faoi áiteachtaí éagsúla ar an oileán do chomhlacht teilifíse san Iodáil. Níl ag eirí ró-mhaith leo, áfach, de bharr na drochaimsire. Tá bád agus héileacaptar ag freastal orthu.

                                           Cuid C

Léigh anois go cúramach ar do scrúdpháipéar na treoracha agus na ceisteanna a ghabhann le Cuid C.

                                           Comhrá a hAon

An Chéad Mhír

 

Úna:        Haló, a Bhriain. Úna Ní Threasaigh anseo.

Brian:    'Dté do bheatha, a Úna. Goidé mar atá tú? Chuala mé go ndeachaigh tú go Páras

                 ag an deireadh seachtaine.

Ú:             Sea, bhí mé ann le mo mháthair.

B:             Inis dom faoi, a Úna.

Ú:             Bhuaigh mé duais agus bhí cead agam duine eile a thabhairt liom.

B:             Duais! Níor chuala mise tada faoi dhuais ar bith.

An Dara Mír

 

Ú:               Chuir mé isteach ar chomórtas aiste Fraincise a d’eagraigh an Alliance

                 Francaise i mBaile Átha Cliath. Scríobh mise aiste as Fraincis ar an ábhar

                   'Cuairt a thug mé ar Disneyland, Páras.' An gcreidfeá é, a Bhriain, ach nár

                 bhuaigh mise an chéad duais.

B:               Maith thú! Nach cliste an cailín tú!

Ú:               An rud a fuair mé don chéad duais ná deireadh seachtaine saor in aisce do

                  bheirt i bPáras chomh maith le cúig céad Euro le caitheamh.

B:               Agus ar thaitin an deireadh seachtaine libh?

Ú:               Thar cionn ar fad. Thugamar cuairt ar Disneyland agus ar an Tour Eiffel agus

                   ar Notre Dame agus ar mhórán áiteanna eile. Ansin bhíomar ag cúrsáil ar

                   an Seine . . .

B:               Ná habair a thuilleadh! Faid a bhí mise ag cuidiú le mo dhaid sa ghairdín!

                                                Comhrá a Dó

An Chéad Mhír

 

Príomhoide:  Coláiste Bhríde anseo. Is mise Bean Uí Néill, an príomhoide. An féidir liom

                     cuidiú leat?

Dónall:         Dónall de Faoite is ainm dom. Táim i Rang an Teastais Shóisearaigh. Ní féidir

                       liom dul ar scoil inniu, a Bhean Uí Néill.

P:                   Cad atá cearr leat, a Dhónaill?

D:                   Níl aon rud cearr liomsa. B'amhlaidh a thit m’athair anuas an staighre

                        ar maidin. Ghortaigh sé a cos agus ní féidir leis tada a dhéanamh dó féin.

                       Chuir mise glaoch ar an dochtúir. Beidh se anseo i gceann uair an chloig.

An Dara Mír

 

P:                    An féidir le do dhaid an fón a fhreagairt?

D:                    Ní féidir. Ach dúirt sé liom go gcuirfidh sé glao ort maidin amárach chun

                       an scéal a d'inis mise duit a fhíoradh.

P:                    Cá bhfuil do mham?

D:                    Tá sí imithe go Londain ar thuras gnó. Ní bheidh sí ag

                         teacht abhaile go dtí Dé Sathairn. Chuir mé glao uirthi deich nóiméad

                         ó shin.

P:                     Nach iontach an buachaill tú! Tabhair aire mhaith dod dhaid bocht

                         agus feicfidh mé ar scoil Dé Luain arís thú. Slán anois.

D:                    Slán leat, a Bhean Uí Néill.

Sin deireadh na trialach. Slán agaibh!

               ________________

TRIALACHA CLUASTUISCEANA     (ARDLEIBHÉAL)     AGUS   (GNÁTHLEIBHÉAL)

CLUASTUISCINT (40 marc)

Am:   20 nóiméad

               _________________

ARDLEIBHÉAL                     CLUASTUISCINT                                      (40marc)

N.B. Ní mór na freagraí ar fad a scríobh i nGaeilge.                    

                                           CUID A

 

Cloisfidh tú giota cainte ó bheirt daoine óga sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach giota díobh faoi dhó. Beidh sos tar éis gach píosa a chloisfidh tú chun seans a thabhairt duit na ceisteanna a bhaineann le gach giota cainte a fhreagairt. Éist go cúramach leis na giotaí cainte agus líon isteach an t-eolas atá lorg sna greillí ag 1 agus 2 thíos.

                             1.       An Chéad Chainteoir

_________________________________________________________________

Ainm                                                                         /   Deasún Mac Einrí

_________________________________________________________________

Cén aois é Deasún?                                               /

_________________________________________________________________

Cá bhfuil sé ag dul ar scoil?                                     /

_________________________________________________________________

Ábhar amháin a thaitníonn le Deasún.                     /

_________________________________________________________________

An post is fearr leis.                                                 /

__________________________________________________________________

                             2.         An Dara Cainteoir

__________________________________________________________________

Ainm                                                                     /   Neasa Nic an Bhaird

__________________________________________________________________

Cá bhfuil cónaí ar Neasa?                                      /

__________________________________________________________________

Breac síos dhá phointe eolais                               / (i)________________________

i dtaobh a hathar.                                                   / (ii)________________________

__________________________________________________________________

Cé mhéad deirfiúr atá aici?                                  /

__________________________________________________________________

Cá mbeidh sí ag dul ar a laethanta saoire?           /

__________________________________________________________________

                                               CUID B

Cloisfidh tú fógra agus píosa cainte sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach ceann díobh faoi dhó. Éist go cúramach leo. Beidh sos tar éis gach ceann a chloisfidh tú chun deis a thabhairt duit na ceisteanna a ghabhann le gach ceann a fhreagairt.

                                                Fógra

 

1.   Cá mbeidh an léiriú ar siúl?

       ____________________________________________________________

2.     Bealach amháin gur féidir leat ticéid a chur in áirithe don léiriú.

         ____________________________________________________________

3.     An bhliain a bunaíodh Siamsa Tíre.

       _____________________________________________________________

                                                   Píosa Nuachta

 

1.   Cé atá ar Inis Mór le seachtain anuas?

       ____________________________________________________________

2.   Cén sórt oibre atá ar siúl acu?

     ____________________________________________________________

 

                                                  CUID C

Cloisfidh tú dhá chomhrá sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach comhrá díobh faoi dhó. Cloisfidh tú an comhrá ó thosach deireadh an chéad uair. Ansin cloisfidh tú é ina dhá mhír. Beidh sos tar éis gach míre díobh chun deis a thabhairt duit an cheist a bhaineann leis an mír sin a fhreagairt.

                                                 Comhrá a hAon

An Chéad Mhír

 

1.   Cá raibh Úna ag an deireadh seachtaine?

       ____________________________________________________________

An Dara Mír

 

2.   Cé a d’eagraigh an comórtas aiste Fraincise?

       ____________________________________________________________

3.   Rud amháin a rinne Úna le linn na deireadh seachtaine i bPáras.

       ____________________________________________________________

                                               Comhrá a Dó

An Chéad Mhír

 

1.   Cén timpiste a tharla d’athair Dhónaill?

       ____________________________________________________________

An Dara Mír

 

2.   Cá bhfuil máthair Dhónaill?

       ____________________________________________________________

3.   Cathain a bheidh sí ag teacht abhaile?

       ____________________________________________________________

________________DEIREADH LE TRIAIL ARDLEIBHÉAL__________________

_____________________________________________

GAEILGE (GNÁTHLEIBHÉAL)

CLUASTUISCINT (40 marc)

_____________________________________________

Am: 20 nóiméad

_____________________________________________

GNÁTHLEIBHÉAL             CLUASTUISCINT                                  (40 marc)

 

N.B. Bíodh na freagraí i nGaeilge ach amháin nuair nach gá sin.

 

__________________________________________________________________

 

                                                  CUID A

Cloisfidh tú giota cainte ó bheirt daoine óga sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach giota díobh faoi dhó. Beidh sos tar éis gach píosa a chloisfidh tú chun seans a thabhairt duit na ceisteanna a bhaineann le gach giota cainte a fhreagairt. Éist go cúramach leis na giotaí cainte agus líon isteach an t-eolas atá lorg sna greillí ag 1 agus 2 thíos.

 

1.

                                                   An Chéad Chainteoir

 

_______________________________________________________________

Ainm                                                           /   Deasún Mac Einrí

_______________________________________________________________

Cá bhfuil cónaí ar Dheasún?                         /

_______________________________________________________________

Cá bhfuil sé ag dul ar scoil?                       /

_______________________________________________________________

Cluiche amháin a imríonn sé.                     /

_______________________________________________________________

2.

                                                   An Dara Cainteoir

________________________________________________________________

Ainm                                                             /   Neasa Nic an Bhaird

________________________________________________________________

Cén tslí bheatha atá ag a hathair?                  /

________________________________________________________________

An t-ainm atá ar an trálaeir atá aige.             /

________________________________________________________________

Ábhar scoile amháin a thaitneann léi.           /

________________________________________________________________

 

                                                     CUID B

Cloisfidh tú fógra agus píosa cainte sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach ceann díobh faoi dhó. Éist go cúramach leo. Beidh sos tar éis gach ceann a chloisfidh tú chun deis a thabhairt duit na ceisteanna a ghabhann le gach ceann a fhreagairt.

                                                    Fógra

 

1.   Cad a bheidh ar siúl i Siamsa Tíre?              

     (a)   léiriú fileata                                                                    

     (b)   léiriú faiseanta                                                     _____

     (c)   léiriú drámata                                                        

     (d)   léiriú ealaíne                                                         _____

2.   Cathain a bunaíodh Siamsa Tíre?

   (a)   1973

     (b)   1974                                                                     _____

     (c)   1975                                                                      

     (d)   1976                                                                     _____

                                                   Píosa Nuachta

 

1.   Cén sórt cláir atá á dhéanamh acu?                        

       (a) clár oibre                                                                                          

      (b) clár adhmaid                                                            _____

       (c) clár ceoil                                                                  

       (d) clár faisnéise                                                            _____                                                                                             

2.   Cén sórt aimsire atá ann?

       (a) fíoraimsir

       (b) drochaimsir                                                             _____

       (c) dea-aimsir                                                                        

       (d) bréagaimsir                                                              _____

                                                   CUID C

Cloisfidh tú dhá chomhrá sa Chuid seo. Cloisfidh tú gach comhrá díobh faoi dhó. Cloisfidh tú an comhrá ó thosach deireadh an chéad uair. Ansin cloisfidh tú é ina dhá mhír. Beidh sos tar éis gach míre díobh chun deis a thabhairt duit an cheist a bhaineann leis an mír sin a fhreagairt.

 

                                            Comhrá a hAon

 

An Chéad Mhír

 

1.     Cé a bhí i bPáras in éineacht le hÚna?                                      

       (a)   a hathair

      (b) a cara                                                                    _____

       (c) a máthair                                                              

       (d) Brian                                                                      _____                                                                           

An Dara Mír

2.   Cé mhéad airgid a fuair Úna le caitheamh?

      (a) €400

       (b) €500                                                                         _____

      (c) €600                                                                          

       (d) €700                                                                          _____

                                            Comhrá a Dó

 

An Chéad Mhír

1.   Cad a ghortaigh athair Dhónaill?                              

     (a)   a lámh

     (b)   a dhroim                                                                  ______

     (c)   a ghlúin                                                                    

     (d)   a chos                                                                         _____

 

2.   Cá bhfuil máthair Dhónaill?

     (a) san oifig

     (b) i Londain                                                                    _____

     (c) san ospidéal                                                                

     (d) sa bhaile                                                                     _____

       ______________DEIREADH LE TRIAIL GNÁTHLEIBHÉAL_____________