Ábhair níos deacra
Scrúdú na hArdteistiméireachta An Bhéaltriail
Cad a dhéanfá dá mbeifeá i do thaoiseach ar an tír seo?
Dhéanfainn an t-uafás athruithe. Chuirfinn na daoine go léir a scrios an tír seo i bpríosún. Thabharfainn níos mó airgid do na daoine bochta agus na daoine gan dídean. Chuirfinn cáin níos airde ar lucht an rachmais. Rachainn timpeall na tíre agus labhróinn le lucht gnó. Chruthóinn níos mó postanna do mhúinteoirí agus thabharfainn dóchas do dhéagóirí na tíre seo.
Cad a cheapann tú faoin Taoiseach?
Bhuel, ceapaim gur fear ionraic é. Tá a chroí san áit cheart aige. Is dóigh liom gur duine éifeachtach é agus déanann sé a dhícheall i gcónaí. É sin ráite, ní dóigh liom go dtuigeann sé go bhfuilimid in umar na haimléise sa tír seo faoi láthair agus go bhfuil muintir na hÉireann i ndeireadh na feide ar fad. Ag tús na bliana seo caite nuair a bhí an feachtas olltoghchánaíochta faoi lánseol thug sé a lán geallúintí dúinn. Gheall sé nach gcuirfí aon rátaí ar thithe mar shampla. Anois beidh orainn go léir rátaí tithíochta a íoc. Ní dóigh liom ach an oiread go bhfuil sé ag déanamh go leor chun postanna chruthú do dhaoine óga. É sin ráite, níor mhaith liom an post atá aige a bheith agam féin!
Cad a cheapann tú faoi staid na tíre faoi láthair?
Ceapaim go bhfuil staid na tíre go hainnis faoi láthair. Táimid bancbhriste agus i bhfiacha go mór. Is in olcas atá an cúlú eacnamaíochta ag dul, feictear domsa. Gach lá bíonn gnó éigin ag dúnadh síos agus is beag post nua atá á chruthú. Tá na mílte ag dul ar imirce. Tá an ráta dífhostaíochta ag méadú go tubaisteach. Má leanann sé ag méadú mar seo ní fada go dtí go mbeidh leathmhilliún duine dífhostaithe. Tá níos mó ciorraithe á gcur i bhfeidhm ag an rialtas agus is beag airgead a bhíonn le caitheamh ag an ngnáthdhuine. Níl daoine áirithe ach ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal.
Cad a cheapann tú faoin todhchaí?
Is duine óg mé. D’fhéadfainn a rá leat go bhfuilim éadóchasach faoin todhchaí ach nílim chun é sin a rá. Caithfear a bheith dóchasach. Mar a deir an seanfhocal ‘bíonn an óige aislingeach’ agus ar an ábhar sin táim dóchasach go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí luath nó mall. Ní leanfaidh an cúlú eacnamaíochta seo go deo. Agus tiocfaidh deireadh leis na seifteanna déine lá éigin freisin. Ba mhaith liom a cheapadh go mbeidh tús curtha leis an athbheochan nuair a bheidh mise tar éis an ollscoil a fhágáil. Mar a deir seanfhocal eile ‘is mairg a báitear in am an anaithe mar go dtagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne’. Agus tiocfaidh an ghrian amach freisin lá éigin. Táim cinnte de.
Cad chuige, dar leat, go bhfuilimid sa chás ina bhfuilimid?
Sin ceist mhór! Dá mbeadh an freagra agam bheinnse saibhir. Ceapann a lán eacnamaithe agus saineolaithe ar an gcúlú eacnamaíochta go bhfuil freagraí acu ach ní dóigh liom go bhfuil. Níl ar siúl acu ach cur i gcéill, im thuairimse. Níl aon dabht faoi ach go ndeachamar as ár meabhair ar fad le linn an Tíogair Cheiltigh. Chaitheamar airgead nach raibh againn amhail is go raibh sé ag dul as faisean. Bhí saol an mhada bháin againn go léir agus cheapamar nach dtiocfadh deireadh leis na laethanta órga go deo. Ar ndóigh, rinne na polaiteoirí, na bainc, na tógálaithe santacha agus lucht pleanála an tír seo a scriosadh. Ní raibh aon teorainn lena gcuid sainte. Bhí siad go léir ag tochras ar a gceirtlíní féin agus iad beag beann ar chás na tíre.
An gceapann tú go bhfuil ré an tírghrá thart in Éirinn faoin am seo?
Tírghrá! Ná labhair liomsa faoi thírghrá! Tá ré an tírghrá thart gan amhras ar bith. Is beag duine sa saol poiblí atá ag obair ar mhaithe le todhchaí na tíre, feictear domsa. Mar a deir an seanfhocal ‘is ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán’. Bhuel, is ar mhaithe leo féin a dhéanann polaiteoirí aon rud a dhéanann siad, im thuairimse. Ar nós na gcat ramhar sa seanfhocal tá a n-aire ar fad dírithe ar a dtuarastail mhóra agus a bpinsin ollmhóra. Ní dhéanann siad beart de réir a mbriathra. Níl uathu ach na peirceanna go léir a ghabhann lena bpostanna – costaisí flaithiúla taistil, liúntaisí cóiríochta thar oíche agus mar sin de. Is iad na daoine a chabhraíonn le daoine bochta agus na hoibrithe deonacha na tírghráthóirí atá againn sa lá atá inniu. Daoine a oibríonn go deonach ar mhaithe le daoine eile. Fíorthírghráthóirí iad na daoine sin, dar liom.
An bhfuil a lán fadhbanna ag daoine óga anois?
Tá neart fadhbanna acu. Fadhb mór í an dífhostaíocht i measc na n-óg mar is eol duit. Níl a lán postanna ann anois do dhaoine óga agus ní féidir post páirt-aimseartha a fháil ar ór nó ar airgead. Ar an ábhar sin ní bhíonn cent rua ag daoine óga agus ní haon ionadh é go n-éiríonn siad míshona agus trioblóideach dá réir. Fadhbanna móra iad fadhb an óil agus na ndrugaí, ar ndóigh. Tá cultúr an óil imithe ó smacht i measc na n-óg le blianta beaga anuas. Ólann siad an t-uafás agus is minic iad ar meisce. Déanann an t-ól dochar mór dóibh agus loiteann sé a saol go minic. Ní haon ionadh é go dtosaíonn siad ag troid nó ag ionsaí a chéile. Mar a deir an seanfhocal ‘nuair a bhíonn an braon istigh bíonn an chiall amuigh’! Fadhb eile fós ná fadhb na himirce. Tá a lán daoine óga ag dul ar imirce ó thosaigh an cúlú eacnamaíochta sa tír seo agus is ag sul in olcas atá an nós ag dul le bliain anuas.
An gceapann tú go bhfuil réiteach le fáil ar na fadhbanna seo?
Is beag réiteach atá ann, feictear domsa. Muna dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta is in olcas a bheidh na fadhbanna ag dul. Síolraíonn cuid mhaith de na fadhbanna ón gcúlu eacnamaíochta. An t-aon réiteach a fheicimse ná fáil réidh leis na polaiteoirí cama agus na baincéirí santacha agus an chaimiléireacht go léir atá ar siúl sa tír seo. Ach ní dóigh liom go dtarlóidh sé sin agus ar an ábhar sin ní bheidh réiteach le fáil ar na fadhbanna go léir a bhfuil sochaí na tíre seo scriosta acu.
Íomhá choirp
Níl sé reálaíoch a bheith ag déanamh comparáide idir tú féin agus réaltaí móra sna meáin nach bhfuil den saol réalaíoch. Sa saol réalaíoch níl aon duine foirfe.

Níl réaltaí móra chomh foirfe agus a cheapann muid. Baintear úsáid as aerscuabadh chun cuma fhoirfe a chur orthu.

Céard is íomhá choirp ann ?
Is éard atá i gceist le híomhá choirp ná an chaoi a mbreathnaíonn corp duine go fisiceach. Uaireanta an íomhá a bhíonn againn dínn féin, ní bhíonn sé ag teacht leis an íomhá atá ag daoine eile dínn. Mar shampla b’fhéidir go gceapfadh do mhuintir agus do chairde go bhfuil gruaig aláinn agat ach go bhfuil íomhá uafásach agat féin de do ghruaig. Bíonn tionchar ag íomhánna sna meáin, ag ár dtuismitheoirí, ag ár gcairde agus ag ár muinín féin ar ár n-íomhá choirp. Má tá féinmhuinín íseal ag duine bíonn sé deacair íomhá choirp dhearfach a chruthú.
Íomhá choirp dhearfach a fhorbairt
Tá sé tábhachtach mar dheágóir íomhá choirp dhearfach a fhorbairt. Tá sé deacair íomhá choirp dhearfach a chruthú an tráth seo i do shaol mar bíonn béim ag do chomhaoisigh agus sna meáin ar íomhá choirp. Tá sé tábhachtach a choinneáil ar intinn go bhfuil do phearsantacht tábhachtach agus ní hamháin an rud atá le feiceáil ar an taobh amuigh. Tá dhá ghné ag baint le híomhá choirp: an ghné fhisiceach agus an ghné intinne.
An ghné intinne
Tá sé tábhachtach go mbeadh féinmhuinín ag déagóirí. Chun féinmhuinín a chruthú tá sé tábhachtach a bheith réalaíoch. Níl sé réalaíoch a bheith ag déanamh comparáide idir tú féin agus réaltaí móra sna meáin nach bhfuil den saol réalaíoch. Sa saol réalaíoch níl aon duine foirfe. Tá sé tábhachtach glacadh le do chorp mar atá sé.
An ghné fhisiceach
Baineann sé seo le rudaí atá le feiceáil ar an taobh amuigh. Chun go mbreathnóidh muid go maith ar an taobh amuigh caithfidh muid aire a thabhairt dár gcorp. Caithfidh muid ithe go sláintúil agus aclaíocht a dhéanamh.
Obair sa rang
Déan cur síos leis an rang ar na rudaí a mbíonn tionchar acu ar d’íomhá choirp.
Féach in Gaelscéal ar Scoil an tseachtain seo chugainn nótaí ar neamhord itheacháin agus físeán ón eagraíocht neamhord itheacháin Bodywhys.
Amnesty International

Bunaíodh an eagraíocht sa bhliain 1961 nuair a scríobh an dlíodóir Sasanach Peter Beneson litir a spreag gluaiseacht idirnáisiúnta.

Is éard is ciall le cearta daonna ná na cearta atá ag gach duine ar domhan de bharr gur daoine iad. Tá gach duine ar domhan i dteideal na gceart seo. Tá cearta agus freagrachtaí fite fuaite ina chéile. Tá sé mar dhualgas ag gach duine ar domhan meas a bheith acu ar a chéile.
Amnesty International
Déantar cearta daonna a shárú ar fud an domhain ar bhonn laethúil. Tá Amnesty International ar cheann de na heagraíochtaí is cáiliúla ar domhan. Bunaíodh an eagraíocht sa bhliain 1961 nuair a scríobh fear amháin litir a spreag gluaiseacht idirnáisiúnta. Scríobh dlíodóir Sasanach, Peter Beneson, litir chun cosaint a dhéanamh ar mhic léinn a bhí caite isteach sa phríosún. Ní raibh déanta acu ach a gcuid gloiní a ardú ar son na saoirse. Tá 1.8 milliún ball ag Amnesty in 150 tír ar fud an domhain. Déanann an eagraíocht a cuid oibre bunaithe ar dhearbhú uilechoiteann go bhfuil sé de cheart ag daoine cearta daonna a chosaint. Oibríonn Amnesty trí litreacha a chur chuig daoine atá i gcumhacht ar fud an domhain chun béim a chur ar chearta daonna.
Béaltriail Roghnach 2012 Teastas Sóisearaigh Podchraoltaí
Éist le cainteoirí óga ag comhrá faoi topaicí do bhéaltriail 2012 don Teastas Sóisearach.
Béaltriail Roghnach 2012
Achar ama: 11/12 nóiméad
Marcanna: 160 marc
Tá ceithre chuid sa Scrúdú seo:
Cuid 1: Fáiltiú - 1 nóiméad (10 marc)
- Ainm, scrúduimhir, dáta breithe, rang.
Cuid 2: Cur síos ar shraith pictiúr - 3 nóiméad (30 marc)
- 5 sraith pictiúr
- Roghnóidh an dalta sraith pictiúr amháin go randamach
- Beidh 1 nóiméad ag an dalta chun staidéar a dhéanamh ar an tsraith pictiúr
- Déanfaidh an dalta cur síos ar ábhar na sraithe sin
Cuid 3: Rólghlacadh - 3 nóiméad (40 marc)
- 8 cártaí san iomlán
- 4 topaic (a) An Scoil
(b) Caitheamh Aimsire
(c) Laethanta saoire
(d) Bia agus deoch
- Beidh 2 cárta bunaithe ar gach ceann de na 4 topaic
- Roghnóidh an dalta cárta amháin as na 8 cártaí
- Beidh 1 nóiméad ag an dalta chun staidéar a dhéanamh ar an gcárta
- Cuirfidh an dalta ceisteanna ar an scrúdaitheoir faoin gcárta
- Beidh ról idirghníomhach ag an scrúdaitheoir sa chuid seo den scrúdú
- 10 ceist ar fad a chuirfidh an dalta
Cuid 4: Agallamh - 4/5 nóiméad (80 marc)
- Sa chuid seo den scrúdú déanfaidh an scrúdaitheoir tástáil ar Ghaeilge labhartha an dalta trí cheisteanna a chur air/uirthi.
Agallamh Samplach
Cad is ainm duit?
_______________________ is ainm dom.
Cá bhfuil cónaí ort?
Tá cónaí orm i _______________________
Cén sórt ceantair é sin?
Is ceantar deas é. Tá sé suite leathmhíle lasmuigh den mbaile mór. Is sráidbhaile ciúin é. Tá cónaí orm i dteach feirme. Is seanteach mór é. Tá ceithre sheomra ann. Tá gairdín mór os comhair an tí ina bhfuil crainn agus bláthanna ag fás.
An bhfuil a lán áiseanna i do cheantar?
Níl an méid sin áiseanna ann, le bheith dáiríre. Tá dhá shiopa sa sráidbhaile, trí theach tábhairne, bialann amháin agus bunscoil. Bhí oifig an phoist ann go dtí tús na bliana seo ach dúnadh é an lá roimh Lá le Pádraig. Níl aon áiseanna spóirt ann ach tá ionad pobail mór ann.
Cén aois tú?
Táim _____________________ d’aois. Beidh mé sé bliana déag ar 1 Feabhra 2012.
Inis dom faoi do chlann.
Tá seachtar ar fad i mo chlann: mé féin, mo bheirt deartháireacha Colm agus Ian, mo dheirfiúr Aoife, mo mham agus mo dhaid agus mo mhamó. Tá mo mhamó seacht mbliana agus seachtó ach tá sí chomh folláin le breac fós.
An maith leat an scoil?
Uaireanta is maith liom an scoil, uaireanta eile ní bhím ró-cheanúil uirthi! Is aoibhinn liom an scoil Dé hAoine mar bím ag tnúth go mór leis an deireadh seachtaine. Ní bhíom ró-thógtha leis an scoil maidin Dé Luain, áfach! Nuair a dhúisím ceapaim go mbíonn tromluí agam! Tríd is tríd taitníonn an scoil liom ach b’fhearr liom a bheith sa bhaile nó ar mo laethanta saoire.
Cad iad na hábhair a ndéanann tú?
Déanaim ocht n-ábhar. Seo iad: Gaeilge, Béarla, Stair, Tíreolaíocht, Reiligiún, Oideachas Saoránach Soisialta Polaitiúil(CSPE),Mata, Eolaíocht.
Tíreolaíocht an t-ábhar is fear liom. Ábhar an-spéisiúil go deo atá ann agus tá an múinteoir tíreolaíochta ar fheabhas ar fad.
Cad iad na caithimh aimsire atá agat?
Tá a lán caitheamh aimsire agam. Is iad na cinn is fearr liom ná ___________, _________ agus _____________. Tá suim mhór agam sa cheol freisin. Chuaigh mé féin agus mo chara, Deirdre, go dtí ceolchoirm a bhí ar siúl san O2 an mhí seo caite. Bhí Jedward ag seinm. Bhí siad go hiontach ar fad!
An bhfuil suim agat sa spórt?
Is breá liom spórt. Is iad na spóirt is fearr liom ná __________, ___________ agus ____________. Beidh cluiche rugbaí ar siúl sa Staid Aviva an mhí seo chugainn agus tá sé i gceist agam a bheith ann.
Cad a dhéanfaidh tú an deireadh seachtaine seo chugainn?
Beidh mé ag féachaint ar an teilifís oíche Dé hAoine. Rachaidh mé ag siopadóireacht le mo mham maidin Dé Sathairn. Oíche Dé Sathairn rachaidh mé chuig cóisir le mo chairde. Tar éis an aifrinn ar an Domhnach tabharfaidh mé cuairt ar m’aintín. Caithfidh mé tráthnóna Dé Domhnaigh agus oíche Dé Domhnaigh ag staidéar.
Clár
- Téipscript don Teastas Sóisearach
- Scrúdú Cluastuisceanna Gaeilge – Ardteistiméireacht 2012
- Podchraolta 2012 le Comhar na Múinteoirí Gaeilge
- An Cheathrú Rua
- Béaltriail 2012 Ard Teist Podchraoltaí
- Béaltriail Roghnach 2012 Teastas Sóisearaigh Podchraoltaí
- Cúinne na Gramadaí 11
- Beyond 360
- Sláinte intinne
- Neamhoird Itheacháin
- Íomhá choirp
- A – Prós Breise. An Triail le Máiréad ní Ghráda
- Mise - M'áit dhúchais - Mo Chlann
- Cúinne na Gramadaí 9
- Coinbhinsiún um Chearta an Linbh
